|
Beatha An Scoláire
Gan ainm (17th century) |
An Duanaire 1600 - 1900 (Poems of the Dispossessed) edited by Sean Ó Tuama Dublin: The Dolmen Press / Bord na Gaeilge, 1981 |
| The Scholar's Life - translation by Thomas Kinsella |
Aoibhinn beatha an scoláire
bhíos ag déanamh a léighinn;
is follas díbh, a dhaoine,
gurab dó is aoibhne in Éirinn.
Gan smacht ríogh ná rófhlatha
ná tighearna dá threise
gan chuid cíosa ag caibidil,
gan moichéirghe, gan meirse
Moichéirghe ná aodhaireacht
ní thabhar uadha choidhche,
's ní mó do-bheir dá aire
fear na faire san oidhche.
Do-bheir sé greas ar tháiplis,
is ar chláirsigh go mbinne,
nó fós greas eile ar shuirghe
is ar humann mná finne.
Maith biseach a sheisrighe
ag teacht tosaigh an earraigh;
is é is crannghail dá sheisrigh
lán a ghlaice de pheannaibh.
No king or prince to rule him
nor lord however mighty;
no rent to the chapterhouse,
no drudging, no dawn rising.
Dawn rising or shepherding
never required of him -
no need to take his turn
as watchman in the night.
He spends a while at chess,
and a while with the pleasant harp,
and a further while wooing
and winning lovely women.
His horse-team hale and hearty
at the first coming of spring;
the harrow for his team
is a fistful of pens.