|
Mheall Sí Lena Glorthaí Mé
(An Fear Bán) Sean Ban Mac Grianna |
This is my curse upon women (The Fair-haired Man) - translation by Gerard Cunningham |
Seo mo mhallacht ar na mná,
‘S iad a mhearaigh mé ‘gus rinne mo chrá,
Thit mé I dtús mo shaoil I ngrá
le spéirbhean álainn óg
Is mheall sí lena glorthaí mé.
‘S í bhí sochmaí laghach gan bhróid,
‘S í ba mheallachaí ‘s ba mhilse póg,
Bhí sé cróiúil greannmhar cóir
‘s ní bréag a bhfuil mé ‘rá,
Gur mheall sí lena glorthaí mé.
Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhream,
Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann,
Ach faraoir tá mé fágtha anois go fann,
Ag bodhránacht liom féin,
Ó mheall sí lena glorthaí mé.
Is iomaí oiche fhada fhuar,
A chaith mé ‘suirí leithe chois na gcruach,
Is a ‘teacht ‘na ‘bhaile arís gan ghruaim
le bodhránacht a’ lae,
Nuair a mheall sí lena glorthaí mé.
Thóg sí a seotlaí I bhfad ar shiúl,
Is d’fhág sí mise a’ sileadh na sul,
Nar chuma liom dá mbínn a’ dúil,
lena feicéail arís níos mó,
Och, mheall sí lena glorthaí mé.
Nach doiligh domhsa theacht fríd a’ tsaol,
Ó d’eálaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí,
Is d’fhág sí mise lag gan bhrí
Ó mo chaitheamh ‘s ‘o mo chloí,
Ó mheall sí lena glorthaí mé.
Ach dá bhfáighinnse an saol seo ar mo mhian,
Scéal cinnte go mbeimis óg a choích’,
Nó chuirfin-se lámh na cloige arís
Go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo
Nuair a mheall sí lena glorthaí mé.
This is my curse upon women
Who tormented me and made me crazy
I fell in love young
with a beautiful woman
She enchanted me with her voice
She was easy-going gentle and modest
And enchanted with the sweet kisses
She was lively, funny and modest,
And it is no lie to say
That she enchanted me with her voice
I thought that none of my people
didn't think life was fun and games
But alas I am left alone now
At the dawn lying all on my own
Och she enchanted me with her voice
Its many a long cold night
I spent wooing with her by the shore
and returning regretless
At the crack of the dawn
After she'd enchanted me with her voice
She raised her sails & now she's long gone
And left me to cry my tears
I'd not have minded she left,
but I wanted to see her again
Och, she enchanted me with her voice
It isn't easy to continue living
Since she broke my heart when she left
she left me mourning
with my sorrow and gloom
Och, she enchanted me with her voice
If I could have but one thing in life
It would be that we stay young forever
& I would turn back time
Until the time when life was worthwhile
When she enchanted me with her voice