|
An Sionnach agus an Préachán [Ní fios cé a chum] |
Favourite Poems we learned in School as Gaeilge edited byThomas F. Walsh Cork: Mercier Press 1994 |
| The Fox & The Crow - translation |
Leis an bpréachán bhí an t-ádh,
Fuair sé píosa cáis tráth,
Is d'eitil sé in airde ar chrann,
Chun béile bhreá a chaitheamh ann.
Bhí sionnach ag lorg bídh dó féin,
Sionnach glic, sionnach séimh;
Níor ith sé dada feadh dhá lá,
Is bhí an t-ocras mór dá chrá.
Tháinigh sé go dtí an crann;
Chonaic sé an préachán ann
Is an cháis bhlasta ina bhéal,
Agus thuig sé conas mar bhí an scéal.
Do bheannaigh sé do éan dubh
'Gus dúirt: "Nach breá atá sé inniú!
Go deimhin is tusa atá go deas
Is an grían ag taitneamh ort le teas".
"Ná fan id' thost, a ghrá 's a stór,
Mar deirtear liom gur binn do ghlór;
B'fhearr lion ná ór, a shárphréacháin,
Tú clos anois ag rá amhráin".
Do thaitin am moladh leis an éan;
Bhí sé mórálch maíoch as féin;
D'oscail a bhéal chun amhrán a rá,
Is do thit an cháis uaidh ar lár.
"Go raibh maith agat a amadáin,"
Ars' an sionnach leis an bpréachán,
"Ní raibh sa mhéid adúrt ach bob
Chun an cháis a mhealladh ó do gob".