A little bit of Culture...  Poetry from soc.culture.irish

Dánta na hÉireann  (poems composed in Irish)

Posted by Toomanaghy
on:    3 October 1999

wusha [eala liath] wrote:

    Has anyone here ever heard of this in its original Gaeilge?
 
     I Shall Not Die for Thee
    A West of Ireland song
 

Ní bhFáigh Mise Bás Duit
Gan ainm
             (17th century)
Ábhráin Ghrádha Chúige Chonnacht / Love Songs of Connacht
edited by Douglas Hyde
Dublin:  Oifig Diolta Foilseachain Rialtais, 1950     
(Irish edition first pub. 1931; English edition, 1893)

alternative original text:
Ní bhFuighe Mise Bás Duit


 

four translations into English:

I Shall Not Die for Thee – translation  by Padraic Colum
I Shall Not Die for Thee – translation  by Douglas Hyde
I Will Not Die For You – translation  by Thomas Kinsella
I Shall Not Die – translation  by Frank O'Connor

Ní bhfáigh mise bás duit.
A bhean úd an chuirp mar ghéis,
Daoine leamha do mharbhais riamh
Ní h-ionann iad a's mé féin.

Créad fáth rachainn d'éug
Don ghob dhearg, do'n deud mar bhláth?
An cruth mhíonla, an t-ucht mar ghéis,
An dóibh súd gheobhainn féin bás?

Na chíocha corra, an cneas úr,
Na ghruadha corcra, an chúl fiar
Go deimhin ní bhfuighead-sa bás
Dóibh súd, go mbudh áill le Dia.

Do mhalaí caola, d'fholt mar ór,
Do rún geanmnaidhe, do ghlór leasg,
Do shál chruinn, do cholpa réidh
Ní mharbhfaidh siad acht duine leamh.

Do mhéin aobh, d'aigne saor,
Do bhos tana, do thaobh mar chuip,
Do rosg gorm, do brághad bhán,
Ní bhfuigh mise bás duit

A bhean úd an chuirp mar ghéis,
Do h-oileadh mé ag duine glic;
A bhos thana, a bhráighe bháin
Ní bhfáigh mise bás duit.


--- The End ---

Questions? Comments? -K. E. Dennis

Dánta na hÉireann  (poems composed in Irish)

A little bit of Culture - Baile | Home