Féach ar (éist le) hAindrias Mac Craith (1708-c1795): comhaimseartha agus comhbhrónach le Diarmaid Gan Bhiadhgra Ó Suilleabháin:
|
Slán le Máighe Aindrías Mac Craith |
Filidhe na Máighe; nó, Ainhráin Sheain Uí Thuama 's Aindriais Mhic Craith ed., An tAthair Padraig Ua Duinnín Dublin: M.H. Gill & Son, 1906 |
|
Goodbye to the Maigue - translation |
Slán is céad ón dtaobh seo uaim
Cois Máigh' na gcaor, na gcraobh, na gcruach,
Na stát, na séad, na saor, na slua,
Na ndán, na ndréacht, na dtréan gan gruaim.
Uch ochón, is breoite mise,
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste,
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh,
Ó seoladh mé chun uaignis.
Slán go héag dá saorfhir shuairc,
Dá dáimh, dá cléir, dá héigs', dá slua,
Dom' chairde cléibh gan chlaon, gan chluain,
Gan cháim, gan chaon, gan chraos, gan chruas.
Is fánach faon mé, is fraochmhar fuar,
Is támhlag tréith 's taomach trua,
I mbarr an tsléibhe gan aon, monuar,
Im' phairt, ach fraoch is gaoth aduaidh.