A little bit of Culture...  Poetry from soc.culture.irish

Dánta na hÉireann  (poems composed in Irish)

Posted by The Pirate Queen
on:    19 October 2000

Labhrann Medb
Nuala Ní Dhomhnaill
Selected Poems: Rogha Dánta
Dublin: Raven Arts Press,1986
  Medb Speaks - translation by Michael Harnett
Fógraim cogadh feasta
ar fhearaibh uile Éireann,
ar na leaids ag na cúinní sráide
is iad ina luí i lúib i gceas naíon,
a bpilibíní gan liúdar
is gan éileamh acu ar aon bhean
ach le teann fearaíochta is laochais
ag maíomh gur iníon rí Gréige
a bhí mar chéile leapan aréir acu,
is fógraim cogadh cruaidh feasta.

Fógraím cath gan truamhéil
gan cur suas is gan téarmaí
ar laochra na bhfiche pint
a shuífeadh ar bhinse taobh liom,
a chuirfeadh deasláimh faoi mo sciortaí
gan leathscéal ná gan chaoi acu
ach iad ag lorg iarraim cúis
chun smacht a imirt ar mo ghéaga,
is fógraím cath gan truamhéil orthu.

Tabharfad fogha feasta
tré thailte méithe Éireann
mo chathláin réidh faoi threalamh,
mo bhantracht le mo thaobh liom,
is ní tarbh a bheaidh á fhuadach,
ní ar bheithígh a bheidh an chlismirt
ach éiric atá míle uair
níos luachmhaire, mo dhínit;
is fógraím fogha fíochmhar feasta.

Medb Speaks
Nuala Ní Dhomhnaill

War I declare from now
on all the men of Ireland
on all the corner-boys
lying curled in children's cradles
their willies worthless
wanting no woman
all macho boasting
last night they bedded
a Grecian princess --
a terrible war I will declare.

Merciless war I declare --
endless, without quarter
on the twenty-pint heroes
who sit on seats beside me
who nicely up my skirts put hands
no apology or reason
just looking for a chance
to dominate my limbs --
a merciless war I will declare!

I will make incursions
through the fertile land of Ireland
my battalions all in arms
my amazons beside me
(not just to steal a bull
not over beasts this battle --
but for an honour-price
a thousand times more precious --
my dignity).
I will make fierce incursions.


--- The End ---

Questions? Comments? -K. E. Dennis

Dánta na hÉireann  (poems composed in Irish)

A little bit of Culture - Baile | Home