|
Manach
Nuala Ní Dhomhnaill |
Selected Poems: Rogha Dánta Dublin: Raven Arts Press,1986 |
| Monk - translation by Michael Hartnett |
Tusa Naomh Antaine,
nó Céile Dé,
suite ar charraig
ar Sceilg Mhichil.
Ciúnaíonn fíor mo chroise
an fharraige is an ghaoth.
Tá do lámha lán d'fhuiseoga.
Mise Temptation,
aithníonn tú mé.
Uaireanta is Éabha,
uaireanta is nathair nimhe mé.
Éirim chun táigne
i lár an lae ghléigil ghlé.
Soilsím mar ghrian in úllghort.
Is ní chun do chráite
a éirím gach lá,
ach chun do bháite
faoi leáspairtí grá.
Léim gaiscígh i bhFlaitheas
de dhroim dhroichead Scáthaigh
a apstail, a mhanaigh.
I am Temptation.
You know me.
Sometimes I'm Eve,
sometimes the snake:
I slide into your reverie
in the middle of brightest day,
I shine like the sun in an orchard
But its not to torment you
every day I rise -
but to drown you
in love's delights.
I'm a dead hero leaping
from the edge of the bridge of fear -
That's the only reason I haunt you:
my monk, my apostle, my priest.