...I also found the other Irish version I had vaguely remembered, here: though I'm still confused as to who authored what in the Irish....Breathnach posted the original Irish .... At least I think ...it was the original Irish, the Irish here looks very modern though, so I wonder if there's another version in Old Irish, with other translators to be credited.
|
Ní bhFuighe Mise Bás Duit Gan ainm (17th century) |
Dánta Grádha: an
Anthology of Irish Love Poetry (A.D. 1350-1750) edited by Thomas F. O'Rahilly Cork: Cork University Press, 1926 (first pub. 1916) |
|
alternative original text, posted by Brendan Breathnach: Ní bhFáigh Mise Bás Duit |
I Shall Not Die for Thee – translation by Padraic Colum |
Ní bhfuighe mise bás duit,
a bhean úd an chuirp mar ghéis;
daoine leamha ar mharbhais riamh,
ní hionann iad is mé féin.
Créad umá rachainn-se d'éag
don bhéal dearg, don dád mar bhláth?
an crobh míolla, an t-ucht mar aol,
an dáibh do-gheabhainn féin bás?
Do mhéin aobhdha, th'aigneadh saor,
a bhas thana, a thaobh mar chuip,
a rosg gorm, a brágha bhán,
ní bhfuighe mise bás duit.
Do chíocha corra, a chneas úr,
do ghruaidh chorcra, do chúl fiar, --
go deimhin ní bhfuighead bás
dóibh sin go madh háil le Dia.
Do mhala chaol, t'fholt mar ór,
do rún geanmnaidh, do ghlór leasg,
do shál chruinn, do cholpa réidh, --
ní mhuirbhfeadh siad acht duine leamh.
A bhean úd an chuirp mar ghéis,
do hoileadh mé ag duine glic;
aithne dhamh mar bhíd na mná;
ní bhfuighe mise bás duit!